As early as the 1800’s, the tradition of spinning, weaving and knitting, was well documented, in the cottages of South West Donegal. Using a combination of native and imported wools, most homes would process the wool, dye and spin the fibre into thread, before either knitting it into woollen garments or selling it to a local home weaver for the making of tweed cloth. These garments, although mainly for personal use, were also sold to other localities and in some cases exported further afield.
Olann thraidisiúnta de chuid na hÉireann a tháirgeadh
Rinneadh taifeadadh maith ar an traidisiún a bhain leis an tsníomhachán, an fhíodóireacht agus an chniotáil chomh fada siar leis na 1800dí sna tithe ceann tuí in iardheisceart Thír Chonaill. Trí mheascán d’olann dhúchasach agus olann iompórtáilte a úsáid, dhéanadh an chuid is mó de na teaghlaigh próiseáil ar an olann, chuireadh siad dath uirthi agus shníomhadh siad í chun snáth a dhéanamh aisti sula ndéanfadh siad cniotáil uirthi chun éadaí a dhéanamh nó sula ndíolfadh siad an olann chuig fíodóir áitiúil chun bréidín a dhéanamh. Cé gur ar mhaithe le húsáid phearsanta a dhéantaí na héadaí seo den chuid is mó, dhíoltaí iad le daoine i gceantracha eile in aice leofa fosta, agus i gcásanna áirithe, dhíoltaí iad le daoine níos faide i gcéin.
In the early 1900’s the setting-up of a carpet factory in Kilcar, increased the demand for woollen yarn and a commercial spinning facility was established. This facility brought the skills required to produce a ‘Donegal’ yarn to an industrial scale. The initial development was spearheaded by the state-sponsored Congested Districts Board, which was tasked with providing employment in areas that had historically been dependent on agriculture and home-based crafts. During the 1920’s the creation of the Free-State Government saw the handing over of responsibility from the Congested Districts Board to Gaeltarra Eireann.
Ag tús na 1900dí, tháinig méadú mór ar an éileamh a bhí ar olann nuair a bunaíodh monarcha cairpéad i gCill Chartha agus dá thairbhe sin, bunaíodh áit a dtiocfaí sníomhachán a dhéanamh ar bhonn tráchtála. Mar gheall ar an áis úr seo a bheith curtha ar fáil, cuireadh na scileanna a bhí de dhíth chun olann ‘Chonallach’ a tháirgeadh ar fáil ar scála tionsclaíoch. Bord na gCeantar Cúng a bhí ar thús cadhnaíochta san fhorbairt seo ar dtús, agus é de chúram orthu fostaíocht a chur ar fáil i gceantracha a bhí ag brath ar an talmhaíocht agus ar an cheardaíocht sa bhaile go stairiúil. Sna 1920dí, i ndiaidh bhunú an tSaorstáit, aistríodh an cúram sin ó Bhord na gCeantar Cúng go Gaeltarra Éireann.
In the mid 1970’s ‘Gaeltarra’ built a new spinning mill in Kilcar to supplying the local knitwear industry and targeted national and international markets with their tweed effect yarns. To reflect the concentration on flecked/nepp effect yarns and the increased internationalization of the customer base the business was renamed Donegal Yarns in 2008. The business has seen many changes and continues to develop its products and facilities to ensure continued growth and prosperity, while maintaining the integrity and quality of the unique Donegal yarns.
I lár na 1970dí, thóg ‘Gaeltarra’ muileann sníomhacháin úr i gCill Chartha chun olann a bhfuil tionchar an bhréidín inti a sholáthar don tionscal éadaí cniotáilte chomh maith le margaidh aitheanta náisiúnta agus idirnáisiúnta. Athainmníodh an gnó sa bhliain 2008 agus tugadh ‘Snáth Dhún na nGall’ ar an ghnó chun na dathanna éagsúla san olann agus an méadú a tháinig ar an mhéid custaiméirí idirnáisiúnta a léiriú. Is iomaí athrú atá feicthe ag an ghnó agus bíonn muid i gcónaí ag forbairt ár dtáirgí agus ár gcuid áiseanna lena chinntiú go mbeidh fás agus forbairt leanúnach ann, agus go mbeidh bunluachanna agus ardchaighdeán Shnáth Dhún na nGall caomhnaithe againn.