Naturally Sustainable Wool – good for you and the planet.
Our goal here in Donegal Yarns is to produce a high quality product without compromising our standards, creating a platform for future generations.
We are active members of The Woolmark Company and support The Campaign for Wool. A key focus on our strategy is to work closely within the whole supply chain, collaborating from ‘farm gate to fashion’, promoting sustainable wool.
Olann atá inbhuanaithe ó nádúr – an rud is fearr duitse agus don phláinéad.
Is é an sprioc atá againn anseo ag Snáth Dhún na nGall táirge d’ardchaighdeán a chur ar fáil gan dochar a dhéanamh don ábhar chun go mbeidh deiseanna ar fáil do na glúnta atá le teacht inár dhiaidh.
Is baill ghníomhacha muid den Chomhlacht Woolmark agus tugann muid tacaíocht don Fheachtas le haghaidh Olla. Leagann muid béim ar leith ar an obair dhlúth a tharlaíonn taobh istigh den tslabhra soláthair ar fad, agus muid ag comhoibriú lena chéile ó ‘gheata na feirme go dtí an faisean’, chun olann inbhuanaithe a chur chun tosaigh.
Why Wool?
Wool is the original eco fibre. As well as creating high quality, durable, comfortable and beautiful products, wool is 100% natural, renewable and biodegradable. No other fibre, natural or man-made, can match all of wool’s naturally inherent benefits.
Cén fáth a mbaineann muid úsáid as olann?
Is í an olann an chéad éicishnáithín a bhí againn riamh anall. Chomh maith le táirgí a chruthú atá ar ardchaighdeán, compordach, álainn agus a bhfuil an-chaitheamh iontu, tá an olann 100% nádúrtha, in-athnuaite agus in-bhithmhillte. Níl aon snáithín eile, nádúrtha nó saorga, atá chomh maith céanna leis an olann mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis an olann ó nádúr.
100% Biodegradable – when wool is disposed of it will naturally decompose in soil in a matter of months or years, slowly releasing valuable nutrients back into the earth.
100% In-bhithmhillte- nuair a fhaightear réidh leis an olann, lobhann sí go nádúrtha san ithir taobh istigh de chúpla mí nó bliain, ag scaoileadh cothaithigh luachmhara ar ais isteach sa
Fire retardant – wool doesn’t catch fire easily, however, if it does, it burns slowly and self-extinguishes when the source of the flame is removed.
Ábalta tine a sheasamh – ní théann olann trí thine go héasca, mar sin féin, má théann sí trí thine, dónn an olann go mall agus múchann sí í féin nuair a fhaightear réidh le foinse na tine.
Naturally Breathable – Wool fibres can absorb large quantities of moisture vapour and allow it to evaporate, making wool garments feel less clingy and more comfortable.
Inanálaithe ó nádúr-is féidir leis na snáithíní olla cuid mhaith taise a shú isteach agus ligeann siad don taise galú. Dá bharr seo, ní bhíonn éadaí atá déanta as olann rótheann agus fágann seo go mbíonn siad an-chompordach.
Multi climate – it keeps you warm when cold and cool when hot.
Fóirsteanach d’aeráidí éagsúla– coinníonn olann te thú nuair bhíonn sé fuar amuigh agus coinníonn sé fuar thú nuair a bhíonn sé te.
Easy care – woollen fibres have a natural protective layer which prevents stains from being absorbed.
Furasta aire a thabhairt di – tá brat cosanta nádúrtha san olann a chiallaíonn nach bhfágfar smál ar an olann.
Naturally odour resistant – Wool garments and textiles are naturally odour resistant due to the fibre’s unique properties and chemical structure.
Ábalta drochbholadh a sheasamh go nádúrtha – Tá éadaí agus teicstílí olla ábalta aon drochbholadh a sheasamh go nádúrtha mar gheall ar na hairíonna saoithiúla atá ag an olann agus an struchtúr ceimiceach atá sa tsnáithín.